Is ar mhaithe le forbairt na nEalaíon Dúchasach agus Comhaimseartha sa Ghaeltacht a cuireadh tús le comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon i 1997.
Bunaíodh Ealaín na Gaeltachta Teo., fochomhlacht de chuid an Údaráis, le Plean Ealaíon don Ghaeltacht a chur i gcrích. An tÚdaras agus An Chomhairle Ealaíon a dhéanann cómhaoiniú ar an gcomhlacht seo.