Bunaíodh Cumann Capaill na Rosann ar na maillibh. Is cumann í seo ina bhfuil áit ann do dhaoine fásta agus a gcuid capaill a gcuid scilleanna marcaíochta a chothú agus a laidriú chomh maith le ionadaíocht a dhéanamh dó ár gceanntar ar shiúil ó baile i gcomórtais. Tá ballraíocht láidir againn ag an bhomaite agus suim i gceanntar s’againn fhéin chomh maith le níos faide ar shiúil ó baile.
Bhí campa Samhraidh againn le goirid agus thaisteal daoine ó Múineachán, Ciarraí agus ar eile, bhí deireadh seachtaine ar dóigh ann le teagascóirí cailiúla, tá scéal an chumainn ag fás agus tá muid ag súil go mbeaidh níos mó ballraíocht ag an chumann sa todhchaí.
Mar a dtuigeann muid uilig, is doiligh an rud é grúpaí mar seo a reachtáil le caighdeán ard agus na costaisí a choinnéal síos sa dóigh go bhfuil bealach isteach ag achan duine sa chumann gan a bheith buartha faoi brú airgeadais.