Craic, spraoi agus spórt -- ar fad trí Ghaeilge. Sin an rud a bhíonn ar siúl i gColáiste Chamuis ... ag an gcéilí, ag an trá, ar an bpáirc, sa teach le muintir an tí ... agus fiú sa rang! Téann na scoláirí go dtí an Ghaeltacht gach samhradh sna hionaid atá againn i gCamus, An Tulach agus Ros a' Mhíl. Tá an Ghaeilge bheo le fáil sna hionaid sin. Deir mana an Choláiste "Is fiú agus is féidir!" Tá sin fíor. Is féidir leatsa Gaeilge a fhoghlaim agus is fiú go mór é. Chuile bhliain baineann ár gcuid scoláirí líofacht bhreá amach sa Ghaeilge labhartha i gColáiste Chamuis. Bí linn sa Ghaeltacht! Agus bí ag caint linn anseo freisin.